Nikolai Ivanovich Vavilov
From Wikipedia, the free encyclopedia
Géineolaí plandaí a rugadh i Moscó ab ea Nikolai Ivanovich Vavilov (25 Samhain 1887 –26 Eanáir 1943). Ceapadh ina cheannasaí ar thaighde talmhaíochta san Aontas Sóivéadach é, agus bhunaigh sé 400 institiúid is bhailigh 26,000 saghas cruithneachta. Chruthaigh sé óna chuid staidéir ar an gcruithneacht gur thosaigh an talmhaíocht is an tsibhialtacht san Afganastáin is an Aetóip. Chuir sé i gcoinne teoiric Lysenko ar an dúchas, agus cháin Lysenko é i 1937. Gabhadh é i 1940, agus meastar go bhfuair sé bás i sluachampa géibhinn. Faoi 1956 d'athbhunaigh an rialtas Sóivéadach a cháil agus d'ordaigh go n-athfhoilseofaí a shaothair.[1]
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Dún