Neamh-chomhfhios
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sa tsíceolaíocht, is éard atá i gceist leis an neamh-chomhfhios[1] ná mothúcháin, spreagthaí, cuimhní is coinbhleachtaí mothúcháin nach mbíonn duine feasach orthu, ach a mbíonn iarmhairt acu ar a phróisis intinne is a iompar, mar bhrionglóid, nó rith focal a chuireann fíormhothúcháin in iúl. Mar mhalairt, ciallaíonn cuimhní fo-aireachtálacha cuimhní nach bhfuil duine feasach orthu ach go doiléir, ach ar féidir leis cuimhniú orthu ach díriú air.[2]