From Wikipedia, the free encyclopedia
Gníomhaí ar son chearta an duine ba ea Natalia Khusainova Estemirova (Rúisis: Наталья Хусаиновна Эстемирова)(1958 – 15 Iúil 2009), a bhí ina baill den eagraíocht Rúiseach chearta daonna ' Cuimhneachán' (Rúisis: Мемориал).
Ainm sa teanga dhúchais | (ru) Наталья Эстемирова |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 28 Feabhra 1958 Kamyshlov, An Rúis |
Bás | 15 Iúil 2009 51 bliana d'aois Gazi-Yurt, An Rúis |
Siocair bháis | Dúnbhású |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Stáit na Seisnia - historical science (en) Ollscoil Stáit Moscó - iriseoireacht |
Gníomhaíocht | |
Gairm | iriseoir, scríbhneoir, gníomhaí ar son chearta an duine, léachtóir |
Ball de | |
Teangacha | An Rúisis |
Gradam a fuarthas
|
Fuadaíodh Estemirova ar an 15 Iúil 2009 ag a 8.30 i.n. ó a baile i nGrozny, an tSeisnia. Gabh ceathrar fear neamhaithnid í nuair a bhí sí ar a bealach chuig na hoibre. De réir na péas, bhí dhá urchar ina ceann agus ina cliabhrach agus a corp fágtha ar thaobh na bhealaí mhóir i Gazi-Yurt, Nazran, sráidbhaile atá trasna na teorann san Iongúiséit.
Rugadh í i Saratov Oblast (Rúisis: Saratovskaya oblast), atá ina Bhallaonaid de Chónaidhm na Rúise. Bhí tuismitheoirí measctha aici, Rúiseach-Seisniach.
Bhain sí céim amach sa stair ó Ollscoil na Seichnia agus d'oibrigh sí mar mhúinteoir i nGrozny go dtí 1998. Bhí fianaise bailithe ar sáruithe chearta daonna i Seisnia ag Estemirova, ó thús an chogaidh sna Cugais Thuaidh, sa bhliain 1999.
Bhí iníon aici, agus agus bhí sí fágtha ina baintreach nuair a fuair a fear céile (póilín ba ea é) bás.
Sa bhliain 2000, ceapadh í mar ionadaí na heagraíochta 'Cuimhneachán' ina lárionad chearta daonna i nGrozny. D'obraíodh Estemirova Estemirova le Anna Politkovskaya (iriseoir imscrúdaithe) agus in éineacht le Stanislav Markelov (an dlíodóir chearta daonna); beirt a dúnmharaíodh freisin, sa bhliain 2006 agus 2009, faoi seach.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.