![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/85/Bekassine_%2528Blick_nach_oben%2529.jpg/640px-Bekassine_%2528Blick_nach_oben%2529.jpg&w=640&q=50)
Naoscach
speiceas éan / From Wikipedia, the free encyclopedia
Baineann an t-alt seo leis an speiceas coitianta Gallinago gallinago. Má tá spéis agat sna héin ghaolmhara ar a dtugtar “naoscach” freisin, féach Gallinago agus Naoscach bhídeach.
Gallinago gallinago ![]() | |
---|---|
![]() ![]() | |
Taifead | |
Sonraí | |
Mais | 111 g (meáchan fásta, orgánach fireann) 128 g (meáchan fásta, orgánach baineann) ![]() |
Réise sciathán | 0.52 m ![]() |
Stádas caomhnaithe | |
![]() | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 22693097 ![]() |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Aves |
Ord | Charadriiformes |
Fine | Scolopacidae |
Géineas | Gallinago |
Speiceas | Gallinago gallinago ![]() L., 1758 |
Cineál tacsanomaíoch | Gallinago ![]() |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Is lapaire beag téagartha é an naosach (Gallinago gallinago),[1] agus is as an Sean-Domhan ó dhúchas é. Tugtar gabhairín reo, gabhar oíche, agus meannán aeir air freisin. Ciallaíonn an t-ainm eolaíoch gallina, "cearc" agus an iarmhír -ago, "cosúil le" sa Nua Laidin.[2] Is baill d'fhine na Scolopacidae iad.
Is í an ghnáthóg phóraithe a bhíonn acu ná riasca, portaigh, tundra agus móinéir fliucha ar fud thuaisceart na hEorpa agus thuaisceart na hÁise. Éin imirceacha is ea iad, agus caitheann éin Eorpacha an geimhreadh i ndeisceart agus in iarthar na hEorpa agus san Afraic (ó dheas go dtí an Meánchiorcal), agus bogann imircigh na hÁise] go dtí deisceart trópaiceach na hÁise. Ceapadh tráth gur an speiceas céanna é an naoscach Wilson (Gallinago delicata) ó Mheiriceá Thuaidh, ach tá sé liostaithe mar sin i réimse sean-treoirleabhar.