ban-ab agus naomh Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Is naomh í Bríd (c. 451 – c. 1 Feabhra 525). Rugadh i gContae Lú í agus fuair sí bás i gCill Dara.[1]
Ainm sa teanga dhúchais | (ga) Naomh Bhríde |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 451 Fochaird |
Bás | 1 Feabhra 523 71/72 bliana d'aois Cill Dara |
Áit adhlactha | Dún Pádraig |
Ban-ab | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Críostaíocht Cheilteach |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | An Chríostaíocht agus monastic life (en) |
Gairm | bean rialta |
Teangacha | An tSean-Ghaeilge |
Ardú | |
Lá féile | 1 Feabhra |
Ba bhandia ag na Ceiltigh í Bríd (Sean-Ghaeilge: Brigit). Breathnaíodh ar an mbandia Bríd mar mháthair ar gach rud agus bhí baint aici leis an talamh, leis an aer, le tine agus le huisce. Bhí torthúlacht ag baint léi freisin.
Is í Bríd éarlamh baineann na hÉireann. Tugtar Bríd Naofa agus Banríon na nGael uirthi i measc Críostaithe na hÉireann ach is sine Bríd ná an Chríostaíocht féin.
Tá traidisiún ann go raibh Bríd oirnithe mar easpag de thaisme naofa agus d’éirigh colún ar lasrach óna cinn nuair a bhí sí oirnithe. Is clúiteach í as ucht a dea-chroí freisin.[4] Tá toibreacha Bhríde ar fud na tíre.
Ceaptar gur ar an 1 Feabhra a fuair Naomh Bríd bás agus mar sin déantar ceiliúradh uirthi ar an lá seo. Is é an 1 Feabhra tús an earraigh san fhéilire Éireannach chomh maith.
Tá rannta agus paidreacha ann go bhfuil bainteach le Naomh Bríd.[5]
Ó lá le Bríde amach
bíonn na héin ag déanamh nead,
bíonn na caoire ag breith na n-uan,
is an lá ag dul i bhfad.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.