![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/43/PH_Administrative_Map.svg/langga-640px-PH_Administrative_Map.svg.png&w=640&q=50)
Na hOileáin Fhilipíneacha
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is tír san Áise í Poblacht na nOileán Filipíneach (Filipínis: Republika ng Pilipinas - fuaimnítear an focal ng mar nang). Is í Mainile príomhchathair na nOileán Filipíneach, ach tá 7,641[1] oileán san oileánra Filipíneach, agus tá tailte na n-oileán seo timpeall trí chéad míle ciliméadar cearnach ar achar.
![]() | |||||
---|---|---|---|---|---|
Republika ng Pilipinas (tl) Pilipinas (tl) ![]() | |||||
|
|||||
Aintiún | Lupang Hinirang ![]() | ||||
Mana | «Maka-Diyos, Maka-Tao, Makakalikasan at Makabansa (en) ![]() ![]() | ||||
Ainmnithe in ómós | Pilib II na Spáinne ![]() | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Manila ![]() | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 109,035,343 (2020) ![]() | ||||
• Dlús | 317.47 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 26,393,906 (2020) ![]() | ||||
Teanga oifigiúil | An Fhilipínis Béarla ![]() | ||||
Reiligiún | Caitliceachas, Ioslam agus An Chríostaíocht ![]() | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Oirdheisceart na hÁise ![]() | ||||
Achar dromchla | 343,448 km² ![]() | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Muir na Síne Theas, an Mhuir Fhilipíneach agus Muir na Ceilibéise ![]() | ||||
Pointe is airde | Mount Apo (en) ![]() ![]() | ||||
Pointe is ísle | an Mhuir Fhilipíneach (0 m) ![]() | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Comhlathas na nOileán Filipíneach ![]() | ||||
1565: Captaincy General of the Philippines (en) ![]() 4 Iúil 1901: Rialtas Oileánach na nOileán Filipíneach 15 Samhain 1935: Comhlathas na nOileán Filipíneach 4 Iúil 1946: Tríú Poblacht na nOileán Filipíneach | |||||
Saoire phoiblí | Lá Caille (1 Eanáir) Lá Idirnáisiúnta na nOibrithe (1 Bealtaine) Déardaoin Mandála (3 lá roimh an Cháisc) Aoine an Chéasta (2 lá roimh an Cháisc) Independence Day (en) ![]() Eid al-Fitr (2 Shawwal (en) ![]() Eid al-Adha (10 Dhu al-Hijjah (en) ![]() Bonifacio Day (en) ![]() Féile Mhuire gan Smál (8 Nollaig) An Nollaig (25 Nollaig) Rizal Day (en) ![]() Bataan Day (en) ![]() National Heroes' Day (en) ![]() ![]() | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht ![]() | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | government of the Philippines (en) ![]() ![]() | ||||
Comhlacht reachtach | Comhdháil na nOileán Filipíneach ![]() | ||||
• Uachtarán na nOileán Filipíneach ![]() | Bongbong Marcos (2022–) ![]() | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 394,087,362,017 $ (2021) ![]() | ||||
Airgeadra | peso na nOileán Filipíneach ![]() | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .ph ![]() | ||||
Glaochód | +63 ![]() | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 9-1-1 agus 117 ![]() | ||||
Cód tíre | PH ![]() | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | gov.ph ![]() | ||||
![]() ![]() |
Labhraíonn muintir na nOileán Filipíneach teangacha bundúchasacha a bhaineann leis an bhfine Astrainéiseach. D'fhág daoine de phór Síneach, Spáinneach, Meiriceánach agus Arabach a sliocht ar na hoileáin chomh maith.
B'é Ruy López de Villalobos a d'ainmnigh na hoileáin as an Rí Spáinneach Pilib a Dó. Chuir na Spáinnigh a gcumhacht i bhfeidhm ar na hoileáin sa bhliain 1565, agus mhair an coilíneachas Spáinneach go dtí an Réabhlóid Fhilipíneach sa bhliain 1896. Shealbhaigh na Stáit Aontaithe na hOileáin Fhilipíneacha i ndiaidh Chogadh Mheiriceá agus na Spáinne sa bhliain 1898. Fuair na hOileáin Fhilipíneacha neamhspleáchas mar Phoblacht sa bhliain 1946.
Tá cultúr na bhFilipíneach go mór faoi thionchar an Iarthair. Is é an Caitliceachas an reiligiún is tábhachtaí sna hoileáin, agus labhraítear an Béarla go forleathan. Is teanga oifigiúil é, chomh maith leis an teanga Filipínis, is é sin, an leagan caighdeánaithe den Tagálaigis. Cé go raibh na Spáinnigh i seilbh na n-oileán ar feadh na gcéadta bliain, níl stádas oifigiúil ag an Spáinnis a thuilleadh, agus níl an teanga féin ó dhúchas ach ag dornán beag de dhaoine. Tá na leaganacha fásteangaithe den Spáinnis, ar a dtugtar Chavacano, i bhfad níos tábhachtaí mar ghnáthurlabhraí pobail sna hOileáin Fhilipíneacha ná an Spáinnis chaighdeánaithe.