From Wikipedia, the free encyclopedia
Cónaidhm dreamanna san Albain thoir agus thuaidh ab ea Cruithnigh i rith tréimhsí Iarannaois déanach na Breataine agus luath-meánaois na hAlban roimh theacht na nGael. Bhí cónaí orthu ó thaoibh thuaidh desna haibhneacha Foirthe agus An Chluaidh. Bhí an cháil orthu go gcuiridís dathanna ar a gcoirp.
Cineál | treibh |
---|---|
Teanga | an Chruithnis |
Eapainm | tatuáil |
Tréimhse | An Iarannaois sa Bhreatain Mhór agus An Mheánaois Luath |
Tíreolaíocht | |
Stáit | an Ríocht Aontaithe |
Ní mór ár n-eolas ar na Cruithnigh, ná ar a dteanga, cé go ndéanann foinsí Gaelacha agus Rómhánacha trácht orthu. Is féidir a gcríocha agus a gcultúr a thuiscint as téacsanna dá leithéid agus Galláin Chruithneacha. Mar shampla, feictear a n-ainm Laidine, Picti, i dtaifid scríofa ón Seandacht go dtí an 10ú haois.
Tugann foinsí na meánaoise le fios go raibh teanga ar leith acu, .i. Cruithnis. Creidtear inniu gur theanga Cheilteach na nOileán a bhí ann, gaolmhar go gar leis an mBriotainic labhartha ag na Briotanaigh ina gcónaí ó dheas, ach tá díospóireacht leanúnach fós ann faoin teanga a labhair siad.[1][2][3]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.