Uachtarán na hÉireann From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é Mícheál Dónall Ó hUigínn (18 Aibreán 1941 i Luimneach a rugadh é) naoú hUachtarán na hÉireann ón mbliain 2011. Socheolaí, file, údar, craoltóir agus polaiteoir atá ann, a bhí ina Theachta Dála de chuid Pháirtí an Lucht Oibre sular toghadh mar Uachtarán é.
Ba chóir an t-alt seo a ghlanadh, mar: Gramadach, litriú, tagairtí
Tar éis an t-alt a ghlanadh, is féidir an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le tuilleadh eolais a fháil. |
Rugadh Ó hUigínn ar 18 Aibreán 1941 i gCathair Luimnigh agus tógadh ar fheirm a aintín é gar do Chora Chaitlín i gContae an Chláir. B'oibrí monarchan agus cléireach é sular éirigh leis ardoideachas a bhaint amach, an chéad duine dá mhuintir a rinne amhlaidh.
Rinne sé staidéar in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh, in Ollscoil Mhanchain agus in Ollscoil Indiana.
Bhí Ó hUigínn mar Aire Gaeltachta agus Cultúir sa chomhrialtas ó 1993 go 1997. Ar na mórghníomhartha a chuir sé i gcrích :
Chinn sé gan seasamh in Olltoghchán 2011, ach sheas sé sa toghchán Uachtaránachta sa bhliain chéanna agus toghadh ina Uachtarán é.
Bhí Michael D. Higgins i mbun feachtas ar feadh a shaoil ar son cearta daonna agus leis an tsíocháin agus an daonlathas a chur chun cinn in Éirinn agus in an-chuid áiteanna ar domhan, ó Nicearagua go dtí an tSile, an Chambóid, an Iaráic, an tSomáil.
Sa bhliain 1992, ba é Michael D. Higgins an chéad duine ar bhronn an Biúró Síochána Idirnáisiúnta i Heilsincí Duais Síochána Sheáin Mhic Ghiolla Bhríde air, mar chomhartha aitheantais ar a shaothar ar son na síochána agus an cheartais in an-chuid áiteanna ar domhan..
Anuas ar dhánta a bheith foilsithe i dtréimhseacháin éagsúla, tá ceithre chnuasach filíochta foilsithe aige
Tá dhá chnuasach aistí foilsithe aige
Bhíodh sé ina cholúnaí reatha don iris mhóréilimh Hot Press le linn na tréimhse 1982-1992, nuair a chuir sé ceisteanna sóisialta na linne ar a súile do lucht léitheoireachta óg. Why is this so complicated omg
D'éirigh leis ainmniúchán Pháirtí an Lucht Oibre a fháil seasamh don uachtaránacht sa bhliain 2011 in áit Fergus Finlay. Ar 29 Deireadh Fómhair 2011, bhuaigh Ó hUigínn an toghchán nuair a fógraíodh an toradh i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.
Insealbhaíodh Michael D. Higgins ina Uachtarán ar Éirinn ar 11 Samhain 2011 , an naoú duine san oifig sin.
Bheartaigh Ó hUigínn chun seasamh don Uachtaránacht don dara huair. Ba fhéidir leis é féin a ainmniú mar uachtarán reatha. Tháinig sé sa chéad áit sa toghchán le 822,566 vótaí agus 55.8% de na vótaí céad rogha.
Tá Michael D. Higgins pósta le Sabina Higgins, agus tá ceathrar clainne acu. Ba bhall bunaidh í Sabina Higgins den Focus Theatre agus an Stanislavsky Studio i mBaile Átha Cliath.
Chaith sé seal ina uachtarán ar an gcumann sacair Gaillimh Aontaithe agus bhíodh sé le feiceáil go minic sna seastáin agus iad i mbun imeartha ar fud na tíre.
Cainteoir líofa Gaeilge agus Béarla atá ann, agus cuid mhaith Spáinnise aige chomh maith.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.