![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/2/23/Morita_Akio.jpg/640px-Morita_Akio.jpg&w=640&q=50)
Morita Akio
fear gnó Seapánach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Fisicí Seapánach agus bunaitheoir chomhlacht Sony na Seapáine ab ea Morita Akio (盛田 昭夫 Morita Akio, 26 Eanáir 1921 – 3 Deireadh Fómhair 1999). Rugadh i Nagoya é. Fuair sé bás i dTóiceo.
![]() ![]() | |
Ainm sa teanga dhúchais | (ja) 盛田昭夫 |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 26 Eanáir 1921 Tokoname (Impireacht na Seapáine) |
Bás | 3 Deireadh Fómhair 1999 78 bliana d'aois Tóiceo (an tSeapáin) |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Niúmóine) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Osaka ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | duine den lucht gnó, innealtóir, fisiceoir ![]() |
Ball de | |
Gradam a fuarthas
| |
![]() ![]() |
Tar éis an dara cogadh domhanda a bhunaigh sé (in éineacht le Masaru Ibuka), a chomhlacht leictreonaice a d'fhorbair an chéad téipthaifeadán Seapánach i 1950.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/5/58/SONY%E4%BC%9A%E9%95%B7%E7%9B%9B%E7%94%B0%E6%98%AD%E5%A4%AB%E6%B0%8F_Akio_Morita.jpg/320px-SONY%E4%BC%9A%E9%95%B7%E7%9B%9B%E7%94%B0%E6%98%AD%E5%A4%AB%E6%B0%8F_Akio_Morita.jpg)
Chuir cáil an tsuarachais ar earraí Seapánacha déistin air. D'fhorbair an comhlacht raidiónna beaga so-iompartha is teilifíseán ardchaighdeáin agus dhíol ar fud an domhain iad. I 1958 bhaist sé an t-ainm Sony ar a chomhlacht: meascán aisteach den fhocal Laidineach ar fhuaim, sonus, is amhrán de chuid Al Jolson, Sonny Boy. Chuir siad an téipthaifeadán / raidió siúil ar an margadh den chéad uair sna 1980idí. Faoi seo, is ceann de na comhlachtaí déantúsaíochta is mó ar domhan é.[1]