Moresnet Neodrach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Comhthiarnas beag i láriarthar na hEorpa ba ea Moresnet Neodrach (AIF: Fraincis mɔ.ʁɛ.nɛ). Bhí sé ann idir 1816 agus 1920 agus é á riar ag Ríocht Aontaithe na hÍsiltíre (nó ag an mBeilg tar éis di siúd neamhspleáchas a bhaint amach in 1830) agus ag an bPrúis. I ndiaidh 1830 bhí nasc idir an pointe teorann ba thuaisceartaí den chríoch agus ceathairphointe a raibh Cúige Ollannach Limburg, Cúige Prúiseach na Réine agus Cúige Beilgeach Liège ceangailte de.[1] Inniu tugtar Pointe na dTrí Thír air, áit a dtagann an Bheilg, an Ghearmáin agus an Ísiltír le chéile.
Moresnet Neodrach | |||||
---|---|---|---|---|---|
|
|||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Kelmis | ||||
Daonra | |||||
Teanga oifigiúil | Esperanto an Ghearmáinis an Ollainnis an Fhraincis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Ar theorainn le | Poblacht Weimar Ríocht Aontaithe na hÍsiltíre (1816–1839) an Phrúis (1816–1918) an Bheilg (1830–1920) Ríocht na hÍsiltíre (1830–1920) Free State of Prussia (en) (1918–1920) | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Céad Impireacht na Fraince | ||||
Cruthú | 26 Meitheamh 1816 | ||||
Díscaoileadh | 10 Eanáir 1920 | ||||
Á leanúint ag | Kelmis | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | condominium (en) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
Airgeadra | franc na Fraince |
Sa Chéad Chogadh Domhanda nasc an Ghearmáin Moresnet Neodrach léi féin, cé nár thug na comhghuaillithe aitheantas don nascadh. De bharr an tSosa Chogaidh idir an Fhrainc agus an Ghearmáin i Mí na Samhna 1918 bhí ar an nGearmáin an Bheilg agus Moresnet Neodrach a fhágáil. Bliain ina dhiaidh sin thug Conradh Versailles Moresnet Neodrach don Bheilg, rud a cuireadh i bhfeidhm ar an 10 Eanáir 1920, nuair a rinne an Bheilge bardas Kelmis de. Sa Dara Cogadh Domhanda ghlac an Ghearmáin seilbh ar bhardas Kelmis agus ar an limistéar máguaird agus tugadh Moresnet arís air.
Is díol spéise ar leith do lucht Esperanto an chríoch de bharr na hiarrachta a rinneadh go luath sa fichiú haois ar stát labhartha Esperanto a bhunú ann agus Amikejo (Áit Chairdis) mar ainm air.