Micreascóp fórsa adamhaigh
From Wikipedia, the free encyclopedia
Baineann micreascóp fórsa adamhaigh (MFA) feidhm as tóireadóir braiteora chun an dromchla atá le hiniúchadh a scanadh de réir oird le híomhá a chruthú ar féidir adaimh ar leith a léiriú uirthi. Bíonn bior an-ghéar ar an mbraiteoir, dírithe i dtreo an dromchla ag fad an-bheag amach uaidh agus suite ar cheann starrmhaide lingeáin bhoig. Nuair a ghluaiseann an sampla thar an mbior, feidhmíonn adaimh an dromchla fórsa athraitheach ar an mbior, ag díláithriú an starrmhaide. Úsáidtear teicníocht optúil nó eile chun sraonadh an starrmhaide a bhrath, agus is é an sraonadh seo ag gach réigiún den dromchla a íomháítear le cabhair ríomhaire is teilifíseáin. Is féidir dromchla seoltach nó neamhsheoltach a íomháú leis. Sampla de mhicreascóp tóireadóir scanta.[1]
Sonraí bunúsacha | |
---|---|
Úsáid | atomic force microscopy (en) |