Micreaphlaistigh
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is píosaí plaisteacha an-bheaga iad micreaphlaistigh a thruaillíonn an comhshaol.[1] Ní cineál sonrach plaisteach iad miceaphlaistigh, ach in ionad aon chineál blúire plaisteach atá níos lú ná 5 mm ar fhad de réir an National Oceanic and Atmospheric Administration (NOAA) sna Stáit Aontaithe.[2][3] Téann siad isteach in éiceachórais nádúrtha ó fhoinsí éagsúla, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do, chosmaidí, éadaí, agus próisis thionsclaíocha.
Tá dhá rangúchán de mhicreaphlaistigh ann faoi láthair. Is éard is micreaphlaistigh phríomha ann ná blúirí nó cáithníní phlaisteacha atá 5.0 mm nó níos lú i méid cheana féin, sula dtéann sé isteach sa chomhshaol. Ina measc seo tá micreachoirníní ó éadaí, agus millíní phlaisteacha.[4][5][6] Is micreaphlaistigh thánaisteacha iad micreaphlaistigh a chruthaítear ó dhíghrádú táirgí plaisteacha móra nuair a théann siad isteach sa chomhshaol trí phróisis síonchaitheamh nádúrtha. I measc na bhfoinsí sin de mhicreaphlaistigh thánaisteacha tá buidéilí uisce agus sóide, líonta iascaireachta, agus málaí plaisteacha.[6] [7] Aithnítear go bhfanann an dá chineál sa chomhshaol ag leibhéil arda, go háirithe in éiceachórais uisce agus muirí.
Chomh maith leis sin, laghdaíonn plaistigh go mall, go minic thar na céadta más rud é nach na mílte bliain. Méadaíonn sé seo an dóchúlacht go n-ionghabhfar micreaphlaistigh agus go n-ionchorpraítear iad isteach i gcorp agus i bhfíocháin a lán orgánach, agus go ndéanfar iad a charnadh.[8][9] Níl eolas ar bith fós ar thimthriall agus ar ghluaiseacht iomlán na micreaphlaisteach sa chomhshaol, ach tá taighde ar siúl faoi láthair chun an cheist seo a imscrúdú.