file Éireannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Aithnítear Michael Davitt mar dhuine de mhórfhilí na Gaeilge sa 20ú haois (a rugadh i gCorcaigh ar 20 Aibreán 1950 agus a fuair bás ar 19 Meitheamh 2005).[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 20 Aibreán 1950 |
Bás | 19 Meitheamh 2005 55 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na hOllscoile Corcaigh |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Filíocht |
Gairm | iriseoir, file |
Ball de | |
Teangacha | An Ghaeilge |
Chuaigh Davitt chuig Coláiste na hOllscoile Corcaigh. Bhunaigh agus d'eagraigh sé an iris filíochta Innti.
Sna 1980idí, d'oibrigh Davitt le RTÉ mar thuairisceoir agus láithreoir.
Sa bhliain 1994, bhronn An Institiúid Chultúrtha Ghael-Mheiriceánach Duais an Bhuitléaraigh ar Davitt.
Bhí sé ina bhall d'Aosdána.
Sna 1970idí, bhí Davitt ag obair mar theagascóir sna campaí samhraidh de chuid Gael Linn. Níos déanaí, ciontaíodh Davitt as mí-úsáid gnéis.[2] Tuairiscíodh freisin go ndearna sé ciapadh ar Bhláthnaid Ní Chofaigh nuair a thosaigh sí ag obair in RTÉ mar thuairisceoir óg.
Rug an bás go tobann ar Davitt agus é amuigh ag siúl i gContae Shligigh ar an 19 Meitheamh 2005. Bhí fadhb ólacháin ag cur air sna 2000idí.[1]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.