Céadbhean na Stát Aontaithe (2017–2021) From Wikipedia, the free encyclopedia
Iar-Chéadbhean na Stát Aontaithe, bean chéile Donald Trump agus iar-mhainicín is ea Melania Trump (a rugadh mar Melanija Knavs ar an 26 Aibreán 1970 agus atá 186cm ar airde). Is Caitliceach í, an dara Caitliceach riamh mar Chéadbhean na Stát Aontaithe.[1]
(2017) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (sl) Melanija Knavs 26 Aibreán 1970 54 bliana d'aois Novo Mesto (Poblacht Shóisialach Chónaidhme na hIúgsláive) |
Céadbhean na Stát Aontaithe | |
20 Eanáir 2017 – 20 Eanáir 2021 ← Michelle Obama – Jill Biden → | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Eaglais Chaitliceach Rómhánach agus an Chríostaíocht |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Secondary School for Design and Photography, Ljubljana (en) |
Áit chónaithe | Nua-Eabhrac Sevnica (en) Sevnica (en) |
Teanga dhúchais | an tSlóivéinis |
Dath súile | Gorm |
Dathán gruaige | Gruaig dhonn |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Nua-Eabhrac (1996–) Milano Páras |
Gairm | mainicín, ceiliúrán, dearthóir seodra, duine den lucht gnó |
Tréimhse oibre | 1986 – |
Spéis aige/aici i | Cibearbhulaíocht |
Teangacha | An tSlóivéinis, an tSeirbis, Béarla, an Ghearmáinis agus an Fhraincis |
Teaghlach | |
Teaghlach | Teaghlach Trump |
Céile | Donald Trump (2005–) |
Páiste | Barron Trump |
Athair | Viktor Knavs agus Amalija Knavs |
Siblín | Ines Knauss agus Denis Cigelnjak |
| |
Suíomh gréasáin | melaniatrump.com |
|
Rugadh Melanija Knavs in Novo Mesto in oirdheisceart na Slóivéine (cuid den Iúgslaiv san am úd).[2] Díoltóir feithiclí do chomhlacht stáit ab ea a hathair. Bean fuála nó maintín ba ea a mháthair agus tionchar nach beag ar gairm Melania.
D'éirigh sí ina mainicín faisin timpeall 1986 agus d'athraigh sí a ainm agus sloinne go Melania Knauss, ar an nós Gearmánach.[3]
Chuaigh sí ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe in 1996 agus chas sí le Trump in 1998.
Rinneadh buan-áitritheoir de chuid na Stát Aontaithe di sa bhliain 2001.
Phós sí Donald Trump in 2005. Rugadh a mac, Barron Trump, ar an 20 Márta 2006.
Rinneadh saoránach Meiriceánach di sa bhliain 2006.
In 2016, rinneadh cluas mhuice d'óráid Melania Trump agus níor fearr ná sin, a taispeántas lena súil greamaithe den uathleideoir.[4]
Culaith éadaigh leis an dearthóir Meiriceánach Ralph Lauren a roghnaigh Melania Trump d’ócáid insealbhaithe a fir chéile mar Uachtarán Mheiriceá in 2017. Agus cé gurbh é ‘America First’ an téama a bhí aige ina óráid insealbhaithe, is lasmuigh de Mheiriceá atá a cuid éadaí aimsithe ag bean an Uachtaráin go minic ó shin i leith. Chaith sí feisteas le Givenchy, Dior agus Karl Lagerfeld ag ócáidí éagsúla ó shin.[5]
In 2017, rinne Melania botún faisean na bliana; thug sí cuairt ar cheantair a bhí buailte go dona ag hairicín tubaisteach ... ar a cuid sála arda.[6]
Agus í ar cuairt ar ionaid choinneála i Texas in 2018, chaith Melania Trump seaicéad a tharraing conspóid agus "I don't care" scríofa air.[7][8]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.