Meiríonó
From Wikipedia, the free encyclopedia
Pór caorach a tháirgeann lomra bán an-tiubh ardchaighdeáin is ea an meiríonó. Ón Spáinn ó bhunús, ach saothraithe san Astráil den chuid is mó le 200 bliain. Faightear caoirigh meiríonó i gcuid mhaith tíortha ar fud an Domhain anois, mar tá siad oiriúnaithe go maith d'aeráid the. Is í an Astráil príomhtháirgeoir olla meiríonó.[1]