![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/b/b8/Flag_of_Cornwall.svg/langga-640px-Flag_of_Cornwall.svg.png&w=640&q=50)
Mebyon Kernow
From Wikipedia, the free encyclopedia
Páirtí polaitiúil i gCorn na Breataine is ea Mebyon Kernow (Mic Chorn na Breataine as Gaeilge). Creideann sé sa náisiúnachas Cornach, agus gur cheart Corn na Breataine a aithint mar cheann de náisiúin na Ríochta Aontaithe (in éindí leis an mBreatain Bheag, Tuaisceart Éireann, Sasana, agus Albain). Thairis sin, glacann an páirtí seasamh lár-chlé; ag glao, mar shampla, ar son athdháileadh pá, cánachas áitiúil níos forásaí, agus gníomh in aghaidh seachaint na gcánacha ina bhforógra d'Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2015.[1]
|
|||||
![]() | |||||
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | páirtí polaitíochta ![]() | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | Cornish nationalism (en) ![]() réigiúnachas forásachas comhshaolachas daonlathas sóisialach Eorpachas ![]() | ||||
Ailíniú polaitíochta | ar chlé ón lár ![]() | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 6 Eanáir 1951 | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ball de | An tSaor-Chomhghuaillíocht Eorpach ![]() | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Eile | |||||
Dath | ![]() | ||||
Suíomh gréasáin | mebyonkernow.org ![]() | ||||
I dtoghcháin 2021 chun Chomhairle Chorn na Breataine, príomhúdarás rialtas réigiúnda Chorn na Breataine, fuair siad 5% de na vótaí, agus bhain siad amach cúig shuíochán[2]. Is iad siúd[3]:
- Andrew Long, ceantar Kelliwik agus Sen Domynek
- Matt Luke, ceantar Pennwydhek agus Boskoppa
- Loveday Jenkin, ceantar Egloscrewen, Merthersythni agus Gwendron
- Dick Cole, ceantar Eglosenoder
- Michael Bunney, ceantar Sen Mewen agus Ponsmeur
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/5/51/2021_Cornwall_Council_election.svg/640px-2021_Cornwall_Council_election.svg.png)
Tá 9 comhairleoirí paróiste agus 4 comhairleoirí baile acu chomh maith.[4]