bráthair Proinsiasach From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba bhráthair Proinsiasach é Maximilian Kolbe (8 Eanáir 1894 – 14 Lúnasa 1941). Fuair Kolbe bás ar son fhear eile in Auschwitz. Rinne an Eaglais Chaitliceach naomh de sa bhliain 1982, agus is é naomhphátrún na bpríosúnach é.[1][2]
Rugadh i Zduńska Wola san Pholainn é, ar an seachtú lá d’Eanáir 1894. Sráidbhaile bheag i ndúiche Lodz is ea Zduńska Wola.
Ba é Réamonn a ainm baiste agus ba mhac é le Julius agus Marianne Kolbe, lánúin a bhí beo bocht ach a bhí dílis riamh dá dtír agus dá gcreideamh. Beirt dheartháir a bhí aige, Proinsias agus Seosamh.[4] Chuaigh Réamonn isteach san Ord Proinsiasach i 1910 agus chaith sé roinnt blianta ag gabháil do staidéar diaganta sa Róimh. In ardchathair úd na hEaglaise a oirníodh é i 1918. Ghlac sé an t-ainm Maximilian, agus is faoin ainm sin a aithnítear é inniu. Chuaigh a bheirt dheartháir (Proinsias agus Seosamh) isteach sa Ord freisin ach ní fada a d’fhan Proinsias ann. Lean an deartháir eile ar aghaidh áfach agus oirníodh é faoin ainm Alfonse ar ball.
D’éag Julius, athair Maximilian i gcámpa géibhinn i 1914. Fiche naoi bliana ina dhiaidh sin, d’éag Proinsias i gcampa géibhinn de chuid na Naitsithe. D’éag Seosamh, an tAthair Alfonse, i 1930 agus gan ach 34 bliana slánaithe aige. D’éag an mháthair, Marianne, i 1946.
Ba mhisinéir é sa tSeapáin (agus an tSín, India srl) ar feadh tamaill, idir 1931-1936. I Nagasaki, bhunaigh sé mainistir agus nuachtáin, srl.[5]
I Niepokalanov dó i 1935 chuir Kolbe tús le páipéar laethúil, “Maly Dziennik”, i. “An Páipéar Beag Laethúil”.
Bhunaigh Kolbe eagras nua, Saighdiúirí Mhuire gan Smál, agus iris, “Ridire Mhuire gan Smál”, i rith na mblianta. I 1938 amháin bhí suas le milliún cóip de gach eagrán á ndíol.
Le linn an ama seo, bhí an bráthair Proinsiasach ina bholscaire coimeádach is cosúil agus é ag cáineadh an caipitleachais, an Chumannachais, an Impiriúlachais agus an tSiónachais ina chuid scríbhinní. Tá an chuma ar an scéal, fiú, go raibh blas frith-Ghiúdachais ar chuid mhaith dár scríobh sé.[6][7][8]
Ach nuair a d'ionsaigh na Naitsithe an Pholainn, áfach, d'iompaigh Kolbe amach ina chosantóir ag na Giúdaigh a bhí ag éalú ó na Naitsithe, agus é ag tairiscint fárais agus dídine do chuid mhaith acu,[4] is cosúil.
Bhí Kolbe i mbun a chuid oibre i Mainistir Niepokalanov nuair a bhris an Cogadh amach. Ghabh na Gearmánaigh é ar 19 Meán Fómhair 1939.
Chaith sé cúpla mí in dhá champa géibhinn, Amtilz agus Ostrezeszow, sular tugadh cead a chinn dó ar an ochtú lá Nollag, 1939. Gabadh é arís, áfach, ar an seachtú lá déag d’Fheabhra, 1941. Seoladh é chuig Príosún Warsaw.
Ar an fiche hochtú lá de Bhealtaine 1941, haistríodh Kolbe go hAuschwitz. Tarraingt ar dheireadh mhí Iúil 1941, d’éalaigh duine de na príosúnaigh. Mar éiric air sin, chinn lucht stiúrtha an champa go gcuirfí deichniúr chun báis. Roghnaíodh an deichniúr mí-ámharach. Ina measc bhí Franciszek Gajowniczek, fear pósta a raibh clann óg aige. Ach ghlac Kolbe áit Gajowniczek, agus fuair sé bás ina ionad. Mar sin, thairg Kolbe é féin a íobairt thar cionn fear a bhí le cur chun báis.
Seoladh Kolbe agus an naonúr eile chuig bloc an bháis, áit ar fágadh iad gan bia. B’é rún na n-údarás ligean dóibh bás a fháil den ocras. Nuair a fuarthas amach go raibh Maximilian agus ceathrar eile fós beo i ndiaidh dhá sheachtain, tugadh instealladh nimhe dóibh go bhfuair siad bás. I measc na ndaoine a bhí i láthair nuair a d’éag Kolbe bhí Bruno Borgowiec, príosúnach Pólainneach ar cuireadh iallach air feidhmiú mar rúnaí agus mar aistritheoir sa champa. Scríobh Borgowiec:
“D’éag na príosúnaigh, ina dhuine agus ina dhuine. Teacht na tríú seachtaine, níor fhan beo ach cúigear, an tAthair Kolbe ina measc. Mheas na húdaráis go raibh an gnó ag dul ar aghaidh rófhada. Theastaigh an cillín uathú i gcóir íobartach eile.”
Mar sin, lá amháin, an 14ú lá de Lúnasa, 1941, chuir siad fios ar stiúrthóir na hotharlainne, coirpeach Gearmánach darbh ainm dó Bock, gur thug sé instealladh d’aigéad nimhiúil dóibh uile. Thairg an tAthair Kolbe a ghéag don mbásaire, é ag gabháil do phaidreacha ag an am gcéanna. Níorbh fhéidir liom an méid dá bhfaca mé a sheasamh níos mó. Lig mé orm go raibh gnó agam san oifig agus d’imigh liom.
Trath a raibh na gardaí agus an básaire bailithe leo d’fhill mé ar an gcillín. Chonaic mé an tAthair Kolbe ina shuí, a dhroim le balla, a shúile ar oscailt agus a cheann caonta ar chlé, mar ba ghnách leis. Bhí cuma sámh, sciamhach soilseach ar a ghnúis.”
Fuair Kolbe bás i sluachampa géibhinn Auschwitz ar 14 Lúnasa 1941.
Maidir leis an bhfear a shábháil sé, Franciszek Gajowniczek, mhair sé beo go dtí an bhliain 1995.
Anmníodh Kolbe mar dhuine de naoimh na hEaglaise Caitlicí ar 10 Deireadh Fómhair 1982. Is Kolbe naomhphátrún na bpríosúnach é.
Tá beathaisnéis i nGaeilge faoi: Ridire Mhuire gan Smál. Beathaisnéis an Athar Maximilian Kolbe, O.F.M., Conv. le Colmán Ó hUallacháin (Sáirséal agus Dill, 1951), faoi shaol, saothar agus íobairt Mhaximilian Kolbe.
D'fhoilsigh Desmond Forristal leabhar i mBéarla, Maximilian of Auschwitz, timpeall 1983.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.