From Wikipedia, the free encyclopedia
Bogearraí foinse oscailte agus saor in aisce is ea Mastodon. Óstálann Mastodon líonraí sóisialta.
Sonóg | Masto Don | ||||
---|---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | Mastadán agus Mastodon | ||||
Sonraí | |||||
Cineál | seirbhís Ghréasáin fediverse server software (en) líonra sóisialta dáilte bogearra saor comhphobal ar líne | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 16 Márta 2016 | ||||
Úsáideann sé/sí | ActivityPub | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Cuid de | cruinne chónaidhmeach | ||||
Eile | |||||
Gradam a fuarthas
| |||||
Suíomh gréasáin | https://joinmastodon.org/ | ||||
Cé go bhfuil sé cosúil le Twitter ar bhealaí áirithe, ní hionann cur chuige Mastodon ar chor ar bith. Líonra sóisialta feidearálach díláraithe atá in Mastodon. 'Cearnóg' ollmhór amháin atá in Twitter, ach gréasán 'cearnóga' beaga atá in Mastodon.[1]
Tá Mastodon.ie ar cheann de na cearnóga sin, ach tá lear mór freastalaithe (nó ‘áscanna’,[2] sin an téarma oifigiúil) eile sa chruinne chónaidhmeach[3] darb ainm Mastodon: cuid acu réigiúnda, cuid acu dírithe ar réimse saoil nó ar theanga ar leith.
Is féidir le duine cuntas a chruthú ar cheann de na freastalaithe sin agus páirt a ghlacadh tríd an gcuntas sin i gcomhráite ar fhreastalaithe eile, leis.
Murab ionann is Twitter, níl algartam uilechumhachtach i gceannas ar Mastodon. Is é an t-úsáideoir agus an t-úsáideoir amháin a chuireann an amlíne i dtoll a chéile. Níl fógraí ann; ar Mastodon, breathnaítear go hamhrasach ar aon rud a mbíonn blas na fógraíochta nó na brandála pearsanta le brath air.[4] Gach rud leis an rud eile, tá an pobal níos cairdiúla i gcomparáid le Twitter.[1]
Tugtar ‘tútanna’ ar tvuíteanna ar Mastodon.
Scríobh an forbróir gréasáin, Eugen Rochko, an cód sa bhliain 2016 sa Ghearmáin.
Ó cheannaigh Elon Musk Twitter i mí Dheireadh Fómhair 2022, tá na céadta míle duine ar fud an domhain tar éis bailiú leo go Mastodon.
Tá pobal bríomhar Gaeilge ar Mastodon.ie cheana féin. Ach tá cuid mhór de na meáin (seachas TG4), de na foilsitheoirí agus de na heagraíochtaí in easnamh.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.