scríbhneoir Ceanadach From Wikipedia, the free encyclopedia
Scríbhneoir ilghníomhach Ceanadach is ea Margaret Eleanor Atwood a rugadh ar an 18 Samhain1939 in Ottawa, Ontario i gCeanada. Scríobhann sí filíocht, aistí faoin gcritic agus téamaí eile, agus ficsean, idir ghearrscéalta agus úrscéalta.
Foilsíodh an chéad chnuasach filíochta uaithi sa bhliain 1966, mar atá The Circle Game. Tá 15 leabhar filíochta foilsithe aici go dtí seo. Pléann sí an caidreamh idir fir agus mná go minic, agus tá dánta scríofa aici faoin ngaol idir máthair is leanbh (Two-Headed Poems, 1978).
Thuill sí clú di féin mar úrscéalaí le Surfacing sa bhliain 1972. Tá trí úrscéal diostóipeacha scríofa aici, is é sin, scéalta atá suite in áiteanna atá níos measa as ná mar atá inár am agus áit féin. The Handmaid's Tale (1968) an chéad díobh seo, é suite in "Gilead" (na Stáit Aontaithe) ag am éigin sa todhchaí ina bhfuil gach ceart caillte ag na mná.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.