údar Rúiseach (1828–1910) From Wikipedia, the free encyclopedia
Scríbhneoir Rúiseach ab ea Leo Tolstoy, nó an Cunta Leo Nikolayevich Tolstoy (Rúisis: Лев Никола́евич Толсто́й, fuaimniú). Rugadh in Yasnaya Polyana, in aice le Tula dhá chéad ciliméadar ó dheas ó Mhoscó é ar an 9 Meán Fómhair 1828, agus fuair sé bás in Astapovo ar an 20ú Samhain 1910. I ndiaidh Réabhlóid na Rúise, d'athraigh na húdaráis ainm Astapovo go Lev Tolstoy i ndilchuimhne ar an scríbhneoir. Úrscéalaí agus prós-scríbhneoir a bhí ann, agus áirítear ar rogha úrscéalaithe na litríochta domhanda é.
I ndiaidh dó a chuid mórshaothar a chríochnú, chuaigh Tolstoy le fealsúnacht shíochánachais dá dhéantús féin, agus bhí tionchar mór ag a chuid smaointí faoin bhfrithbheartaíocht shíochánta ar dhaoine mór le rá cosúil le Mahatma Gandhi agus Martin Luther King, Jr.
Is é an mórúrscéal eipiciúil úd Война и мир/Voyna i mir ("Cogadh is Síocháin") príomhshaothar an scríbhneora. Sa leabhar seo, tugann sé cur síos ar an dóigh a ndeachaigh ionsaí Napoléon ar an Rúis i bhfeidhm ar shaol na Rúiseach. Mórúrscéal eile é Анна Каренина/Anna Karenina. Scríobh sé tríológ dhírbheathaisnéiseach freisin, Детство - Отрочество - Юность/Detstvo - Otrochestvo - Yunost´ ("Aois an Linbh - Aois an Stócaigh - Aois an Ógánaigh"). Leag sé amach a fhealsúnacht phearsanta i leabhair ar nós Исповедь/Ispoved´ ("Faoistin"), В чём моя вера/V chom moya vera ("Céard is creideamh dom"), Царство Божие внутри вас/Tsarstvo Bozhie vnutri vas ("Tá ríocht Dé istigh ionaibh") agus Воскресение/Voskresenie ("Aiséirí").
Tháinig Lev Nikolayevich Tolstoy, ar a dtugtar "Leo Tolstoy" nó "Leon Tolstoy" sna teangacha Iartharacha, chun saoil in Yasnaya Polyana, teach mór in aice le cathair Tula. Teaghlach iomráiteach uasal ab ea muintir Tolstoy, agus bhí Lev óg ar an gceathrú duine clainne dár rugadh don Chunta Nikolay Ilyich Tolstoy agus dá bhean chéile, Mariya née Volkonskaya. Seansaighdiúir ab ea a athair a bhain amach clú agus cáil ag cur cogaidh ar thrúpaí Napoleon nuair a d'ionsaigh siad an Rúis sa bhliain 1812. Fuair tuismitheoirí Lev bás nuair nach raibh sé ach ina bhuachaill beag, agus ba iad gaolta a thuismitheoirí a thug suas é. Sa bhliain 1844 chuaigh Lev óg ag staidéar an dlí agus teangacha an Oirthir in Ollscoil Kazan, ach ní raibh maith ar bith ann don staidéar, agus d'éirigh sé as sula raibh céim ar bith bainte amach aige. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé le cearrbhachas, agus nuair a bhí sé báite i bhfiacha ar fad, fuair sé riachtanach dul sna saighdiúirí agus páirt a ghlacadh sa chogadh a bhí arm na Rúise ag cur ar na treibheanna beaga Cugasacha san am. Faoin taca seo a thosaigh sé ag scríbhneoireacht.
Ba é an tréimhse san arm agus an dá chuairt a thug sé ar an Eoraip sa dara leath de na 1850idí a rinne duine eile ar fad de Tolstoy. Sa bhliain 1857 chonaic sé príosúnach á chur chun báis go poiblí i bPáras. Bhain an radharc sin an-stangadh as, agus tháinig sé ar an gconclúid nach raibh i rialtas ar bith ach comhcheilg in aghaidh na cosmhuintire.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.