Macau
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is iarchoilíneacht Phortaingéalach é Sainréigíún Riaracháin Macau ar cuid de Dhaon-Phoblacht na Síne í inniu. Cosúil le Hong Cong, fuair Macau stádas an "tsainréigiúin riaracháin" nuair a shealbhaigh an tSín arís í de thoradh an díchoilínithe. Tá Macau ag críochantaíocht le Hong Cong thoir agus le cúige Guangdong thuaidh. Creidtear go bhfuil ainm Portaingéilise na háite bunaithe ar an bhfocal Sínise 媽閣/Māgé a chiallaíonn "teampall an dé Mazu" - dia cosanta na mairnéalach i gcreideamh traidisiúnta na Síne. An t-ainm Sínise atá ar an áit inniu, mar atá, 澳門/Àomén, is é is brí leis ná "Geataí an Inbhir". Is é an t-inbhear atá i gceist ná deilt Abhainn na bPéarlaí (Abhainn Zhujiang), agus tá idir Hong Cong, Macau agus a lán cathracha móra Síneacha suite chois na deilte seo.
Is iad an tSínis agus an Phortaingéilis teangacha oifigiúla Mhacau, cé nach bhfuil an Phortaingéilis ó dhúchas ach ag 2 % de mhuintir na háite. Is í an Chantainis an chanúint Sínise is mó a labhraítear. Maidir leis an gcineál Sínise a scríobhtar, níor ghlac pobal Síneach Mhacau riamh leis na simpliúcháin a rinneadh ar na comharthaí Síneacha i nDaon-Phoblacht na Síne, agus mar sin, is iad na comharthaí casta traidisiúnta a fheictear ar na fógraí poiblí i gcónaí.