Grianstad an gheimhridh
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is grianstad an gheimhridh ann ná an pointe nuair a thagann stad ar ghiorrú na laethanta sa gheimhreadh. "Meán geimhridh" a thugtar air freisin i dteangacha éagsúla.
Tarlaíonn grianstad an gheimhridh idir 21 agus 23 Nollaig i leathsféar thuaidh an domhain, agus idir 20 agus 23 Meitheamh sa leathsféar theas.
Tarlaíonn grianstad an gheimhridh ar phláinéad ar bith nuair a bhíonn claonadh ais an phláinéid ag an bpointe is faide agus is féidir ón réalta a ndéanann sé fithis timpeall air.