Múchóg
From Wikipedia, the free encyclopedia
Planda is ea an mhúchóg[1], í bliantúil nó ilbhliantúil, seadánach, gan chlóraifill. Tá 200 speiceas di sa ghéineas Orobanche. Ní bhíonn feiceálach os cionn talún ach na spící tiubha bláthaithe. Na duilleoga laghdaithe ina lanna, na bláthanna déliopach i bhfaondathanna, donn den chuid is mó. Dúchasach do réigiúin theo mheasartha sa Seandomhan. Faigheann sí gach bia trí dhiúláin, ceangailte le fréamhacha an óstaigh. I measc na n-óstach bíonn eidhneán, giolcach sléibhe, nóiníní agus cuid mhaith eile. Mar sin féin, bíonn an chuid is mó de na múchóga sainiúil d'óstach amháin nó beagán óstach.[2]