Is éard is míciríosa[1] ann ná baint choitianta shiombóiseach a chruthaítear idir fungas is fréamhacha planda. I míciríosa eactatrófach, a fhaightear i gcuid mhaith crann, fásann an fungas taobh amuigh de na fréamhacha chun truaill a dhéanamh orthu, ag teacht in ionad ribí na bhfréamhacha. I míciríosa iontrófach, a fhaightear i magairlíní is fraoch, fásann an fungas taobh istigh de chealla na fréimhe agus ina measc. I gcórais mhíciríosacha bíonn cumas feabhsaithe asúite, is na plandaí ionfhabhtaithe in ann coimhlint a dhéanamh níos fearr ná plandaí neamhionfhabhtaithe, agus faigheann an fungas sochar as cothaithigh a chuireann an planda ar fail. In an-chuid cásanna de cheangail mhíciríosacha, ní bhláthaíonn an planda i gceart gan an compánach fungasach.[2]

Tagairtí

Wikiwand in your browser!

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.

Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.