Monarc na hAlban agus ina céile ag François II na Fraince (1542-1587) From Wikipedia, the free encyclopedia
Bá í Màiri (Máire), Banríon na nAlbanach nó Màiri I, (Béarla: Mary Queen of Scots, Fraincis: Marie Stuart) (8 Nollaig 1542 - 8 Feabhra 1587) Banríon na hAlban, ón 14 Nollaig 1542 go 24 Iúil 1567[1].
Ba í Máire an t-aon leanbh dlisteanach marthanach a bhí ag an Rí Séamas V. Bhí sí 6 lá d'aois nuair a fuair a hathair bás agus rinneadh Banríon na nAlbanach dí. Ghlac a máthair, Marie de Guise (Gaeilge na hAlban: Màiri de Guise) an leasríocht agus fuair a hiníon an Choróin naoi mí ina dhiaidh sin.
Phós sí François, Dauphin na Fraince, a tháinig i gcoróin François II, sa bhliain 1559. Mar sin féin, ní raibh Màiri ina Banríon na Fraince le fada; bhí sí ina mbaintreacha ar an 5ú lá Nollaig, sa bhliain 1560, nuair a fuair a fear céile bás.
D'fhill Màiri ar ais go hAlbain, ag teacht i dtír i Lìte (nó 'Leith', sa Bhéarla) ar an 19 Lúnasa, sa bhliain 1561. Ceithre bliana ina dhiaidh sin, phós sí a céad col ceathrar, Henry Stuart, Tiarna Darnley. Bhí aontas míshásta acu agus i Feabhra na bliana 1567, fuarthas Darnley marbh sa ghairdín ag Kirk o'Field, tar éis pléascadh ollmhór sa teach.
Phós sí James Hepburn, an 4ú Iarla Bothwell, go luath ina dhiaidh sin. Chreidtear go raibh Hepburn freagrach as an Tiarna Darnle a dhúnmharú. Tar éis éirí amach in aghaidh an lánúin, príosúnaíodh Màiri i gCaisleán Loch Lìobhann, ar an 15 Meitheamh agus iachall uirthi éirí as mar bhanríon, i bhfabhar a mac, nach raibh ach aon bhliain d'aois, Séamas VI.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.