![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/b/b4/Clondalkin_Round_Tower.jpg/640px-Clondalkin_Round_Tower.jpg&w=640&q=50)
Líonraí Gaeilge
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is Líonraí Gaeilge iad na limistéir atá aitheanta ag Poblacht na hÉireann agus ag Foras na Gaeilge mar áiteanna lasmuigh den Ghaeltacht a bhfuil neart ar leith sa Ghaeilge ann.
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/b/b4/Clondalkin_Round_Tower.jpg/640px-Clondalkin_Round_Tower.jpg)
De réir Acht na Gaeltachta 2012, tá teorainneacha na Gaeltachta le bunú feasta ar chritéir theangeolaíocha seachas ar limistéir thíreolaíocha mar a bhí go dtí sin. Tá tábhacht ar leith le pleanáil teanga ag leibhéal an phobail dá réir. Tá deis ag ceantair lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta aitheantas reachtúil a bhaint amach mar Líonraí Gaeilge nó mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta ach critéir áirithe a chomhlíonadh atá leagtha síos ag Údarás na Gaeltachta agus ag Foras na Gaeilge.[1][2]
D'fhógair Foras na Gaeilge i ndeireadh 2015 go bhfuil cúig cheantar aitheanta anois mar áiteanna ina bhfuil Líonraí Gaeilge in Éirinn - Sráidbhaile Chluain Dolcáin, Baile Locha Riach, Inis, Carn Tóchair agus Béal Feirste Thiar.[3] Tá súil ag Foras na Gaeilge go n-aithneofar líonraí Gaeilge eile.