nuachtán Gaeilge a foilsíodh i mBéal Feirste From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba nuachtán náisiúnta Gaeilge é Lá (agus níos déanaí Lá Nua) a bhí lonnaithe i mBéal Feirste. Bhíodh sé á fhoilsiú go laethúil, cúig lá in aghaidh na seachtaine. Ba é Lá an chéad nuachtán laethúil as Gaeilge[1].
Cineál | nuachtán |
---|---|
Cárta innéacs | |
Teanga | an Ghaeilge |
Am tosaigh | 1984 |
Seoladh poist | Teach Basil, Lána Bhaile Haine, Béal Feirste |
Tréith | |
Formáid nuachtáin | táblóideach |
Suíomh | nuacht.com |
Bunaíodh Preas an Phobail, nuachtán seachtainiúil, sa bhliain 1981 i mBéal Feirste.
Foilsíodh an chéad eagrán de Lá Dé Luain, 13 Lúnasa 1984.
Tar éis tamaill, d'athraigh Lá ina nuachtán seachtainiúil.
D'iompaigh sé ina nuachtán laethúil arís ar an 28 Aibreán 2003 a d'fhoilsítí ó Luan go hAoine[2].
Sa bhliain 2006, d'éirigh le Lá i gcomórtas Fhoras na Gaeilge chun nuachtán nó foilseachán nuachta laethúil a fhoilsiú.
In Eanáir 2007 d'athraigh sé a ainm go Lá Nua.
I mí Dheireadh Fómhair na bliana 2008, dheimhnigh Bord Foras na Gaeilge nach mbeadh maoiniú nua ar fáil don nuachtán. Foilsíodh an t-eagrán deireanach ar an 19 Nollaig 2008.
I measc na n-eagarthóirí, bhí Gearóid Ó Cairealláin, Eoghan Ó Néill, Ciarán Ó Pronntaigh, Concubhar Ó Liatháin agus faoi dheireadh Dónall Mac Giolla Chóill (Fea-Nollaig 2008).
Cineál | nuachtán |
---|---|
Cárta innéacs | |
Teanga | an Ghaeilge |
Am tosaigh | 1984 |
Seoladh poist | Teach Basil, Lána Bhaile Haine, Béal Feirste |
Tréith | |
Formáid nuachtáin | táblóideach |
Suíomh | nuacht.com |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.