From Wikipedia, the free encyclopedia
Ceiliúrtar Lá Domhanda Shaoirse an Phreasa ar 3 Bealtaine gach bliain, chun ómós a léiriú do na hiriseoirí a fuair bás agus iad i mbun a gcuid dualgas, agus chun bunphrionsabail shaoirse na meán, an iolrachais agus an neamhspleáchais a cheiliúradh.[1] Mar sin, tá ról tábhachtach na meán i sochaithe daonlathacha.[2]
Cineál | lá idirnáisiúnta |
---|---|
Ainmnithe in ómós | saoirse an phreasa |
Bailíocht | 1991 - |
Lá | 3 Bealtaine |
Bunaitheoir(í) | na Náisiúin Aontaithe |
Príomhábhar | saoirse an phreasa |
Suíomh gréasáin | unesco.org… |
Nár ghnách, ag lucht na nuachtán, más go mórchúiseach é, an ‘ceathrú heastát’ a lua leo féin, agus iad, gan amhras, ag cur ina luí ar an gcuid eile againn gur géag riachtanach agus ceartbhunaithe den chóras daonlathach iad.[3] Agus is mian leis an Aontas Eorpach an prionsabal a leanas a mheabhrú: go bhfuil “bunú, caomhnú agus cothú preasa atá neamhspleách, iolraíoch agus saor riachtanach d’fhorbairt agus do chaomhnú an daonlathais i náisiún agus don fhorbairt eacnamaíoch”.[4]
Rinneadh "Dearbhú Windhoek" ar 3 Bealtaine 1991.[5] Baineann Éire rangú maith amach ó shin le "Reporters without Frontiers"[6] (sa 13ú háit as 180 tír sa bhliain 2020).
Le bunú Chomhairle Preasa na hÉireann agus Oifig an Ombudsman Preasa ar an 1 Eanáir 2008,[7] tá teacht ag gach duine in Éirinn ar mhodh neamhspleách le haghaidh gearáin phreasa atá sciobtha cothrom agus saor in aisce.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.