From Wikipedia, the free encyclopedia
Planda bláthanna, ilbhliantúil, luibheach, sioc-leochaileacht, is ea Lus na hÁise , nó mar is fearr aithne air Centella asiatica. Baineann an planda seo leis an bhfine Apiaceae, fofhine Mackinlayoideae.
Tá an planda dúchasach san Áise.[1][2]. Úsáidtear é mar glasra cócaireachta agus mar luibh leighis.
Fásann Cantella i dtalamh báite trópaiceach.[3] Tá gais tanaí aige, agus iad ina stólain reatha, glas go scothdhearg-glas i ndath, a nascann na plandaí le chéile. Tá barra cruinne, gaisfhada, glas, aige, a bhfuil réidhuigeacht le féitheacha palmatacha líonacha. Iompraítear na duilleoga ar pheitíní ingearacha, thart ar 2 cm. Tá an fréamhstoc comhdhéanta de riosóim, ag fás go hingearach anuas le fána. Tá dath geal orthu agus bíonn siad clúdaithe le fréamhribí.[4]
Tá Centella asiatica dúchasach i bhfo-ilchríoch na hIndia, nOirdheisceart na hÁise, agus i réigiún bhogacha Oirdheisceart na Stáit Aontaithe.[5][6]
I gcomhthéacs na fítileasúcháin de, tá an-phoitéinseal ag baint le C. asiatica mar uirlis fhíteastósctha toisc go bhfuil ar a chumas miotail a bhaint aníos agus a thrasghluaiseacht ó fhréamh go meathán nuair a fhástar é in ithir trom-mhiotal-éillithe.[7]
Cumaisc | R' | R" |
---|---|---|
Aigéad áiseach | H | OH |
Aigéad brámach | OH | OH |
Áiseachóisiod | H | O-glúcóis-glúcóis-ramnós |
Madecassóisiod | OH | O-glúcóis-glúcóis-ramnós |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.