Loscadh Kings Cross

From Wikipedia, the free encyclopedia

Loscadh Kings Cross

Ar an 18 Samhain 1987, timpeall 19:30, chuaigh an stáisiún King's Cross (ar an Piccadilly line) trí thine. Fuair 31 duine bás.

Fíricí Gasta Cineál, Dáta na bliana ...
Loscadh Kings Cross
Thumb
Thumb
 51° 31′ 50″ N, 0° 07′ 26″ O
Cineáldóiteán
Dáta na bliana18 Samhain 1987
SuíomhStáisiún tiúb King's Cross St. Pancras, England , Londain, England
Tíran Ríocht Aontaithe
Cúistoitín
Líon básanna31
Dún

Síleadh gur chaith duine éigin cipín solais síos, cé go raibh cosc ar thobac san iarnród faoi thalamh mar gheall ar an tine ag Oxford Circus i 1985. Bhí seanstaighrí beo déanta as adhmad ann. Ní raibh aon chóras éigeandála i bhfeidhm.[1]

Thumb
Thumb
Seanstaighrí beo déanta as adhmad (Greenford anseo)

Fiosrúchán

Reachtáladh fiosrúchán oifigiúil, The Fennell Inquiry, ach shéan an rialtas go raibh an locht ar an tseirbhís phríobháideach glantóireachta, cé gur thosaigh an tine i measc smúite, snáithíní agus salachair a bhí meascaithe le gréisc faoin staighre beo. Bhí cuid den locht ar pholasaithe an rialtais — príobháidiú agus mírialú agus easpa suime i sláinte agus sábháilteacht.

Thumb
Macasamhail sa London Transport Museum

Dúirt Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí nach raibh cúis dlí ann. Níor tugadh duine ar bith riamh os comhair na cúirte de thairbhe na tubaiste.

Thumb

Lean an rialtas ar aghaidh leis an pholasaí príobháidithe agus i 1991 fuarthas amach nach raibh ach ocht gcinn de na 26 mholadh sábháilteachta a rinne Fiosrúchán Fennell curtha i bhfeidhm.[1]

Íospartaigh

Sa bhliain 2004, aithníodh an t-íospartach deireanach, níos mó ná 16 bliana tar éis an bhladhmainn. Alexander Fallon, dhá bhliain is seachtó d’aois, ón Eaglais Bhreac in Albain ab ea é. Tugadh “Corp 115” ar Fallon (ón lipéad a bhí air sa mharbhlann) agus tá sé curtha i Reilig St Pancras and Islington in éindí le bodach bóthair eile a fuair bás leis sa tragóid, Ralph Humberstone.[1]

Tubaistí eile

Tharla tine ag Oxford Circus i 1985 agus bhí tubaiste traenach i Southall i Meán Fómhair 1997, Paddington 1999, Hatfield 2000, Selby 2001 agus Potters Bar in 2002 agus fuair a lán daoine bás iontu.[1]

Tagairtí

Wikiwand - on

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.