![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/0/0d/Les_Trois_Accords.jpg/640px-Les_Trois_Accords.jpg&w=640&q=50)
Les Trois Accords
From Wikipedia, the free encyclopedia
Banna rac-cheoil agus popcheoil as Québec é Les Trois Accords. Tá dhá albam agus neart físeán ceoil seolta acu.[1] Canann siad a gcuid amhráin as Fraincis.
![]() ![]() | |
Sonraí | |
---|---|
Cineál | banna ceoil ![]() |
Foirm dlí | |
Dáta a bunaíodh | 1997 |
Gníomhaíocht | |
Tréimhse oibre | 1997 – |
Lipéad ceoil | Indica Records ![]() |
Seánra | Punc-rac ![]() |
Suíomh gréasáin | lestroisaccords.com ![]() |
Thosaigh an banna sa bhliain 1997 le Olivier Benoit ag canadh agus Simon Proulx ag canadh freisin agus ag seinm an ghiotáir. Sa bhliain 1999, ghlac siad Alexandre Parr ar an ngiotár isteach sa bhanna agus, sa bhliain 2001, thosaigh Pierre-Luc Boisvert agus Charles Dubreuil ag seinm leo, Pierre ar an dordghiotár agus Charles ar na drumaí.
Bhain siad clú agus cáil amach ar dtús lena gcéad albam Gros Mammouth Album agus na singlí Hawaïenne, Saskatchewan agus Lucille. Thuill siad níos mó cáil le Gros Mammouth Album Turbo, an dara leagan dá h-albam, leis na hamhráin breise Loin D'ici agus Turbo Sympathique.