údar Rúiseach (1828–1910) / From Wikipedia, the free encyclopedia
Scríbhneoir Rúiseach ab ea Leo Tolstoy, nó an Cunta Leo Nikolayevich Tolstoy (Rúisis: Лев Никола́евич Толсто́й, fuaimniú). Rugadh in Yasnaya Polyana, in aice le Tula dhá chéad ciliméadar ó dheas ó Mhoscó é ar an 9 Meán Fómhair1828, agus fuair sé bás in Astapovo ar an 20ú Samhain 1910. I ndiaidh Réabhlóid na Rúise, d'athraigh na húdaráis ainm Astapovo go Lev Tolstoy i ndilchuimhne ar an scríbhneoir. Úrscéalaí agus prós-scríbhneoir a bhí ann, agus áirítear ar rogha úrscéalaithe na litríochta domhanda é.
Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
I ndiaidh dó a chuid mórshaothar a chríochnú, chuaigh Tolstoy le fealsúnacht shíochánachais dá dhéantús féin, agus bhí tionchar mór ag a chuid smaointí faoin bhfrithbheartaíocht shíochánta ar dhaoine mór le rá cosúil le Mahatma Gandhi agus Martin Luther King, Jr.
Is é an mórúrscéal eipiciúil úd Война и мир/Voyna i mir ("Cogadh is Síocháin") príomhshaothar an scríbhneora. Sa leabhar seo, tugann sé cur síos ar an dóigh a ndeachaigh ionsaí Napoléon ar an Rúis i bhfeidhm ar shaol na Rúiseach. Mórúrscéal eile é Анна Каренина/Anna Karenina. Scríobh sé tríológ dhírbheathaisnéiseach freisin, Детство - Отрочество - Юность/Detstvo - Otrochestvo - Yunost´ ("Aois an Linbh - Aois an Stócaigh - Aois an Ógánaigh"). Leag sé amach a fhealsúnacht phearsanta i leabhair ar nós Исповедь/Ispoved´ ("Faoistin"), В чём моя вера/V chom moya vera ("Céard is creideamh dom"), Царство Божие внутри вас/Tsarstvo Bozhie vnutri vas ("Tá ríocht Dé istigh ionaibh") agus Воскресение/Voskresenie ("Aiséirí").