Leathsféar Thiar
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é an Leathsféar Thiar an leath den Domhan atá suite siar ón bhun-fhadlíne (a thrasnaíonn Greenwich, Londain, an Ríocht Aontaithe) agus soir ón antafhadlíne.[1] Tugtar an Leathsféar Thoir ar an leath eile. I dtéarmaí geopholaitiúla, an comhthéacs ina n-úsáidtear an téarma is minicí, sainmhíníonn an Encyclopedia Britannica é mar "Meiriceá Thuaidh agus Theas agus na huiscí máguaird. Is minic a mheastar Domhanfhaid 20°W agus 160°E a theorainneacha." [2] Is féidir é a úsáid sa chiall chultúrtha nó gheopholaitiúil mar chomhchiallach don "Domhan Nua".