Lúitéitiam
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é an lúitéitiam dúil uimhir a 71, agus é ar an gceann is troime de na lantanóidigh. Is é an tsiombail cheimiceach a sheasann dó sna foirmlí ná Lu. Miotal geal é agus é réasúnta díonta ar an gcreimeadh. Dúil thrífhiúsach é, is é sin, is é +III an staid ocsaídiúcháin is coitianta a bhíonn aige ina chuid comhdhúl, díreach cosúil leis na lantanóidigh eile. Tá an lúitéitiam nádúrtha comhdhéanta as dhá iseatóp: an t-iseatóp cobhsaí, lúitéitiam a 175, agus an raidiseatóp nádúrtha, lúitéitiam a 176 (2.59 % de lúitéitiam an dúlra). Tá an raidiseatóp sin chomh fadsaolach, áfach, gur féidir dearmad a dhéanamh dá radaighníomhaíocht sa ghnáthshaol.
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach |
---|---|
Lúitéitiam sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Lu |
Uimhir adamhach | 71 |
Mais adamhach | 174.9668 |
Peiriad, Grúpa | lantanóidigh peiread 6 |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | kg/m⁻³ |
Leictridhiúltacht | 1 |
Ga ianach | 0.86 agus 0.97 |
Stair | |
Aimsitheoir | Georges Urbain agus Carl Auer von Welsbach |
Fionnachtain | 1906 |
Eapainm | Lutetia |
Is dual don lúitéitiam smúid ocsaíde a fháil faoi thionchar an aeir, agus má théitear go 150 céim Celsius é, rachaidh sé trí thine le ocsaíd lúitéitiam (III), Lu2O3, a dhéanamh. Imoibreoidh sé leis na halaiginí freisin, ionas go nginfear halaiginídí: LuF3, LuCl3, LuBr3, LuI3. Tá an iaidíd donn, agus an trí halaiginíd eile bán.