Léinte Gorma
páirtí polaitíochta / From Wikipedia, the free encyclopedia
Eagraíocht pholaitiúil Éireannach den eite dheis sna 1930í ab ea An Garda Náisiúnta (National Guard) nó mar is iondúil Na Léinte Gorma (nó "na Léinteacha Gorma"). Ba é Cumann Chomrádaithe an Airm (Army Comrades Assocation as Béarla) ainm oifigiúil na heagraíochta. Athraíodh an t-ainm níos déanaí go An Garda Náisiúnta.[1]
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | páirtí polaitíochta | ||||
Idé-eolaíocht pholaitíochta | Faisisteachas | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1932 | ||||
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 1933 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Eile | |||||
Dath | |||||
Deirtear ó am go ham gur eagraíocht fhaisisteach nó leath-fhaisisteach ab ea na Léinte Gorma agus pléitear fós an chosúlacht idir iadsan agus Léinte Donna Hitler agus Léinte Dubha Mussolini. Chaith siad éadaí paraimíleata, d'ardaigh siad an lámh dheis nuair a bhuail siad lena chéile agus bhí siad páirteach i dtroideanna le hÓglaigh na hÉireann. Ar an taobh eile, ní raibh idé-eolaíocht na bhfaisistithe go forleathan i measc na ngnáth-bhall - bhí an chuid is mó dóibh siúd in éadan an IRA, in éadan Fhianna Fáil (páirtí an rialtais) agus in aghaidh pholasaithe eacnamaíocha an rialtais. De réir an staraí, R.M. Douglas, is dearcadh móramh na bhfear léinn nach bhfuil sé ceart díriú ar na Léinte Gorma más ag lorg faisistithe Éireannacha ata tú.
Úsáidtear an téarma "Léinte Gorma" go minic mar leasainm ar lucht leanúna Fhine Gael, an páirtí is mó in Éirinn. Fo-ghlacadh na Léinte Gorma isteach sa pháirtí sin sa bhliain 1933.