![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/2/23/World_Press_Freedom_Day_2017_Poster.jpg/640px-World_Press_Freedom_Day_2017_Poster.jpg&w=640&q=50)
Lá Domhanda Shaoirse an Phreasa
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ceiliúrtar Lá Domhanda Shaoirse an Phreasa ar 3 Bealtaine gach bliain, chun ómós a léiriú do na hiriseoirí a fuair bás agus iad i mbun a gcuid dualgas, agus chun bunphrionsabail shaoirse na meán, an iolrachais agus an neamhspleáchais a cheiliúradh.[1] Mar sin, tá ról tábhachtach na meán i sochaithe daonlathacha.[2]
Cineál | lá idirnáisiúnta ![]() |
---|---|
Ainmnithe in ómós | saoirse an phreasa ![]() |
Bailíocht | 1991 - |
Lá | 3 Bealtaine ![]() |
Bunaitheoir(í) | na Náisiúin Aontaithe ![]() |
Príomhábhar | saoirse an phreasa ![]() |
Suíomh gréasáin | unesco.org… ![]() |
Nár ghnách, ag lucht na nuachtán, más go mórchúiseach é, an ‘ceathrú heastát’ a lua leo féin, agus iad, gan amhras, ag cur ina luí ar an gcuid eile againn gur géag riachtanach agus ceartbhunaithe den chóras daonlathach iad.[3] Agus is mian leis an Aontas Eorpach an prionsabal a leanas a mheabhrú: go bhfuil “bunú, caomhnú agus cothú preasa atá neamhspleách, iolraíoch agus saor riachtanach d’fhorbairt agus do chaomhnú an daonlathais i náisiún agus don fhorbairt eacnamaíoch”.[4]
Rinneadh "Dearbhú Windhoek" ar 3 Bealtaine 1991.[5] Baineann Éire rangú maith amach ó shin le "Reporters without Frontiers"[6] (sa 13ú háit as 180 tír sa bhliain 2020).