Kenzaburo Ōe
údar Seapánach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Scríbhneoir Seapánach is ea Kenzaburō Ōe (大江 健三郎 Ōe Kenzaburō a rugadh ar 31 Eanáir 1935 agus a d'éag ar 3 Márta 2023). Tá meas air mar údar fíorthábhachtach i litríocht chomhaimseartha na Seapáine.
Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Dún
D’fhág litríocht agus teoiricí liteartha na Fraince agus Mheiriceá rian suntasach ar a chuid úrscéalta, gearrscéalta agus aistí agus cuireann a shaothar síos ar chúrsaí polaitíochta, fealsúnachta agus sóisialta. Scríobh sé faoi airm núicléacha, faoi chumhacht núicléach, faoi neamhaontachas agus faoin eiseachas.
Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1994 as cruinne a chumadh ina dtagann an saol agus an mhiotaseolaíocht le chéile agus ina dtugtar cuntas mearbhlach ar chás an duine.[1]