ríomheolaí Meiriceánach From Wikipedia, the free encyclopedia
Is eolaí ríomhaire í Katherine Louise Bouman (/ˈbaʊmón/;[1] a rugadh sa bhliain 1989[2]) atá ag obair i réimse an íomháithe. Bhí sí i gceannas an fhorbairt algartam le haghaidh íomháú a dhéanamh ar dhúpoill, ar a dtugtar 'Continuous High-resolution Image Reconstruction using Patch priors' (CHIRP), agus bhí sí ina ball d'fhoireann Tealascóp Event Horizon a ghlac an chéad íomhá de dhúpholl.[3][4] Ceaptar go mbeidh sí chun dul ag obair le dámh California Institute of Technology i mí an Mheithimh 2019 mar ollamh cúnta le ríomhaireachta agus le heolaíocht mhatamaiticiúil.[5]
Rugadh Bouman i West Lafayette, Indiana agus bhain sí céim amach ó West Lafayette Junior-Senior High School sa bhliain 2007. Is ollamh le hinnealtóireact leictreach agus ríomhaireachta agus le hinnealtóireacht bhithleighis ag Purdue University é a hathair, Charles Bouman.[6] Rinne sí taighde íomháithe ag Purdue University nuair a bhí sí ina dalta meánscoile.[6] D'fhoghlaim sí faoi Teileascóp Event Horizon ar scoil sa bhliain 2007.[7]
Rinne Bouman staidéar ar innealtóireacht leictreach in Ollscoil Michigan agus bhain sí céim summa cum laude amach sa bhliain 2011. Thuill sí céim mháistreachta (2013) agus céim dochtúireachta (2017) sa réimse innealtóireacht leictreach agus ríomheolaíocht ó Massachusetts Institute of Technology (MIT).[8] Ag MIT, bhí sí ina ball den an Haystack Observatory.[9][10] Fuair sí tacaíocht i bhfoirm Comhaltacht Iarchéime ó Fhondúireacht Eolaíochta Náisiúnta Mheiriceá. Bronnadh gradam Ernst Guillemin uirthi mar gheall ar a tráchtas máistreachta, Estimating Material Properties of Fabric through the Observation of Motion,[11] le haghaidh an tráchtas máistreachta is fearr.[12] Ba é William T. Freeman stiúrtheoir a tráchtais PhD, Extreme imaging via physical model inversion: seeing around corners and imaging black holes.[13] Sular bhain sí a céim dochtúireachta amach, thug Bouman caint TEDx, How to Take a Picture of a Black Hole, a mhínigh na halgartaim ar féidir úsáid a bhaint astu chun an chéad íomhá de pholl dubh a ghlacadh.[1][14][15][16][17]
Tar éis a dochtúireacht a shaothrú, chuaigh Bouman ag obair in Ollscoil Harvard mar chomhalta iardhochtúireachta ar fhoireann íomháithe an Teileascóp Event Horizon.[15][16][17] Beidh sí ag dul chuig California Institute of Technology mar ollamh cúnta i mí Mheitheamh 2019, áit a raibh plean aici bheith ag obair ar chórais nua le haghaidh íomháú ríomhaireachta ag baint úsáid as fís ríomhaireachta agus meaisínfhoghlaim.[18][19][20]
Bhí Bouman i gceannas ar fhorbairt algartam le haghaidh íomháú dúphoill, ar a dtugtar Continuous High-resolution Image Reconstruction using Patch priors, nó CHIRP.[14][21][22] Spreag CHIRP gnásanna bailíochtaithe íomhá a úsáidtear chun an chéad íomhá de dhúpholl a fháil i mí Aibreáin 2019,[23] agus ghlac Bouman ról tábhachtach sa tionscadal[3] ó thaobh na híomhánna a fhíorú, na paraiméadair a roghnú le haghaidh íomhánna a bhí glactha ag Teileascóp Event Horizon a scagadh[24] agus ag glacadh páirt i bhforbairt creatlaí íomháithe stóinsithe a rinne comparáid idir torthaí éagsúla na teicnící difriúla.[25] Tá a grúpa ag déanamh anailís ar íomhánna an Teileascóp Event Horizon chun níos mó a fhoghlaim faoi gcoibhneasacht ghinearálta i réimse imtharraingteach láidir.[18]
Fuair Bouman go leor airde ó na meáin chumarsáide nuair a scaipeadh grianghraf di i ndiaidh dúpholl a aimsiú sna íomhánna EHT.[3][26][27] Mar sin féin, dúirt Bouman í féin gur glacadh an íomhá mar thoradh comhoibrithe, rud a léiríonn an tábhacht a bhaineann le hobair foirne san eolaíocht.[3][28][29] Ciapadh ar líne í, agus d'éirigh sé chomh dona gur rinne a comhghleacaí, Andrew Chael, ráiteas ar Twitter ag cáineadh na "awful and sexist attacks on my colleague and friend Katie Bouman", lena n-áirítear iarrachtaí chun an bonn a bhaint óna cuid oibre leis an aithint ar fad a thabhairt dó ar obair a cuireadh i gcrích ag foireann le Bouman, Chael, agus go leor daoine eile ann.[30][25][31][32]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.