Joseph Goebbels
From Wikipedia, the free encyclopedia
Bhí Paul Joseph Goebbels (29 Deireadh Fómhair 1897 – 1 Bealtaine 1945) ina aire bolscaireachta sa Ghearmáin nuair a bhí an Naitsíochas i réim, agus Adolf Hitler ina dheachtóir. Bhí cáil, nó míchlú, ar Ghoebbels mar fhear mór óráidíochta a raibh cúrsaí an fhrith-Ghiúdachais agus na hidé-eolaíochta Naitsíche i mbarr a theanga aige i dtólamh.
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Dún
Ós rud é go raibh sé ar dhuine de cheannairí móra na Gearmáine i dtréimhse an Naitsíochais, bhí sé an-fhreagrach as ainghníomhartha agus coireanna an rialtais Naitsíoch, cosúil leis an Uileloscadh agus Oíche na Gloine Briste. Deirtear go raibh sé ar dhuine den triúr ba mhó cumhachta sa Ghearmáin i rith an Dara Cogadh Domhanda, in éineacht le Hitler féin agus le Heinrich Himmler.