From Wikipedia, the free encyclopedia
Fealsamh, teoiricí an dlí agus leasaitheoir sóisialta ba ea Jeremy Bentham (15 Feabhra 1748 - 6 Meitheamh 1832). D'fhorbair sé idé-eolaíocht an fhóntachais.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 15 Feabhra 1748 Houndsditch (Ríocht na Breataine Móire) |
Bás | 6 Meitheamh 1832 84 bliana d'aois Londain (Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann) |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Dias |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na Banríona, Oxford (1760–) Scoil Westminster (1755–1760) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Fealsúnacht, dlí, fealsúnacht shóisialta, cearta sibhialta agus polaitíochta agus cearta sibhialta |
Suíomh oibre | Sasana |
Gairm | fealsamh, gníomhaí ar son cearta ainmhithe, saineolaí dlí, scríbhneoir, eacnamaí, leasaitheoir Protastúnach, gníomhaí ar son chearta an duine, eolaí polaitiúil, gníomhaí ar son cearta vótála, ceannaí, dlíodóir, teoiricí polaitiúil |
Tréimhse ama | An Eagnaíocht |
Gluaiseacht | Fóntachas |
Ainm cleite | Philip Beauchamp Gamaliel Smith |
Teangacha | Béarla agus an Fhraincis |
Teaghlach | |
Céile | luach ar iarraidh |
Athair | Jeremiah Bentham agus Alicia Woodward Grove |
Siblín | Samuel Bentham |
Céimí de chuid Choláiste na Banríona, Ollscoil Áth na nDamh ba ea Bentham sa bhliain 1763 (Master 1766). Glaodh chun an Bharra air sa bhliain 1769 ach ní raibh sé i gcleachtadh riamh.[2]
Thug smaointe Bentham ugach tábhachtach do na daoine a chuir Ollscoil Londan (UCL faoi láthair) ar bun mar an gcéad ollscoil lántuata i Sasana. Ní raibh baint dháiríre ag Bentham le bunú na hinstitiúide nua, ach amháin go ndearna sé cinnte de gur ceapadh a protégé John Austin ina chéad Ollamh le Dlí-eolaíocht ar an ollscoil. Mar sin féin, mar aitheantas ar an spreagadh a thug sé dá bunú, tá a chnámharlach mar chreatlach don "féin íocón" a bhíonn ar taispeáint i UCL de ghnáth.[2]
Cé nach raibh sé ina Ollamh le Dlí-eolaíocht in Ollscoil Londan ach ar feadh ocht mbliana, is téacs bunaidh an phosaitíbheachais dhlíthiúil é The Province of Jurisprudence Determined (1832) le John Austin.
Mar bhunaitheoir fhealsúnacht an fhóntachais i bhfoirm nua-aimseartha, rinne Bentham cáineadh géar ar choincheapa mar an dlí nádúrtha agus na cearta nádúrtha ("seafóid ar chosa taca").[2]
Mholadh sé go díograiseach cuíchóiriú a dhéanamh ar dhlí Shasana agus, go háirithe, é a chódú. Ina theannta sin, feictear an bhéim a chuir sé ar luach na trédhearcachta (agus an fhaireachais) sna mholtaí a rinne sé maidir le hathchóiriú an chórais choiriúil, an Panopticon go mór mór. Cé nár tógadh a leithéid sin d'áras riamh réir na sonraíochta a chuir Bentham chun cinn, bhí tionchar ag an smaoineamh sin ar dhearadh na bpríosún sa naoú haois déag agus, mar mheafar don smacht sóisialta agus don easpa príobháideachais, is slat tomhais é fós i ndíospóireachtaí comhaimseartha.[2]
Bhí Bentham i measc na bhfealsamh nua-aimseartha a rinne an cás is luaithe san Iarthar ar son chearta ainmhithe agus gníomhartha homaighnéasacha a dhéanamh dleathach (sa dara cás, argóint nár foilsíodh den chéad uair roimh 1931).[2]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.