From Wikipedia, the free encyclopedia
Stiúrthóir scannán ba ea Jean-Luc Godard (3 Nollaig 1930 - 13 Meán Fómhair 2022), ar dhuine de na stiúrthóirí is tábhachtaí i stair na scannánaíochta. Bhunaigh sé an ghluaiseacht 'Nuathonn na Fraince" agus an-tionchar aige.[1]
Rugadh Godard san Eilvéis sa bhliain 1930. Tá clú ar Godard de bharr a chuid scannán ó na seascaidí, go háirithe na scannáin À Bout de Souffle, Le Mépris agus Pierrot le Fou.[3]
Ba stiúrthóir turgnamhach é Godard, díreach go dtí deireadh a shaoil; mar shampla, bhuaigh sé an duais in Cannes dá scannán Adieu au Langage agus é ceithre bliana is ochtó d’aois. Dúirt Martin Scorcese gur athraigh Godard an smaoineamh a bhí againn faoi scannáin agus nach raibh stiúrthóir ar bith chomh misniúil is a bhí Godard.
Chinn Godard lámh a chur ina bhás féin san Eilvéis ar 13 Meán Fómhair 2022. Fuair sé bás trí fhéinmharú cuidithe.Dúirt a theaghlach go raibh sé ag fulaingt mar gheall ar thinnis iomadúla.[3]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.