![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/4/4e/Jean-Claude_Juncker_April_2019.jpg/640px-Jean-Claude_Juncker_April_2019.jpg&w=640&q=50)
Jean-Claude Juncker
polaiteoir Lucsamburgach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Polaiteoir Lucsamburgach is ea Jean-Claude Juncker (i Lucsambuirgis is mar seo a fhuaimnítear é: [ ʒɑ̃ː.kloːd ˈjʊŋ.kɐ]). Rugadh é i Réiden (Fraincis: Redange; Gearmáinis: Redingen), réigiún atá suite in iarthar Lucsamburg, ar an 9 Nollag 1954.
Príomh-Aire Lucsamburg ón mbliain 1995 go dtí an bhliain 2013 ab ea Juncker agus ón mbliain 2005 go dtí an bhliain 2013.
Is de bharr na taithí a bhí aige ón dtréimhse a chaith sé ina Aire Airgeadais i rialtas Lucsamburg a ainmníodh Juncker mar Uachtarán ar an nGrúpa Euro.
Is é Juncker a roghnaigh Páirtí an Phobail Eorpaigh (PPE) mar Spitzenkandidat (Gaeilge: 'Príomhiarrthóir') i gcomhair olltoghcháin Eorpacha na bliana 2014. Agus tromlach faighte ag an PPE sna holltoghcháin sin, d'éirigh Juncker ina Uachtarán ar an Choimisiúin Eorpach ar an 1 Samhain 2014.
Ba phost crua é, mar gheall ar an mbrú cinnte ach tharraing Juncker conspóid i gcónaí; bhí sé trom ar an ól uaireanta, agus ní raibh sé in ann srian a chur lena theanga.[1][2][3]