From Wikipedia, the free encyclopedia
Dlíodóir agus breitheamh ba ea Javed Iqbal (جاوید اقبال, 5 Deireadh Fómhair 1924 – 3 Deireadh Fómhair 2015), a bhí ar thús cadhnaíochta na smaointeoirí agus na mbreithiúna sa Phacastáin sa 20ú haois.[1][2]
Ainm sa teanga dhúchais | (ur) جاوید اقبال |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 5 Deireadh Fómhair 1924 Sialkot, An Phacastáin |
Bás | 3 Deireadh Fómhair 2015 90 bliana d'aois Lahore, An Phacastáin |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse) |
Breitheamh | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Ioslam |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Government College University (en) Ollscoil Cambridge Scoil Dlí na Cathrach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | fealsamh, breitheamh, dírbheathaisnéisí, beathaisnéisí |
Teaghlach | |
Céile | Nasira Iqbal |
Athair | Muhammad Iqbal agus Sardar Begum |
Gradam a fuarthas
|
Céimí de chuid Ollscoil Choláiste an Rialtas, Lahore (BA '44; MA '48) bhain sé PhD amach ó Ollscoil Cambridge ina dhiaidh (sa bhliain 1954) sin. Glaodh chun an Bharra air i gCumann Onórach Ósta Lincoln dhá bhliain dár gcionn.
Tar éis dó a bheith ina abhcóide gníomhach i Lahore ar feadh na mblianta fada, ceapadh ar Ard-Chúirt Lahore é sa bhliain 1971. Ceapadh ina Phríomh-Bhreitheamh ar an gcúirt sin sa bhliain 1982.
Fuair sé ardú céime go dtí Cúirt Uachtarach an Pacastáine sa bhliain 1986. Bhí sé ar an gcúirt sin go dtí gur éirigh sé as agus cúig bliana is seasca d'aois slán aige, sa bhliain 1989. Níos déanaí, bhí Iqbal i mbun fiosrúcháin ar choimisiúin fiosrúcháin.
Chomh maith le bheith ina dhlíodóir agus ina bhreitheamh, ba fealsamh mór le rá An Breitheamh Iqbal. Bhí neart scríofa aige faoi smaointeoireacht pholaitiúil agus dhlíthiúil Ioslamach na linne seo agus faoi náisiúnachas na Pacastáine. Bhí spéis ar leith san ábhar deireanach aige; mac le Muhammad Iqbal (1877-1938) ba ea é, an t-intleachtóir ar thús cadhnaíochta na gluaiseachta, as ar eascair críochdheighilt na hIndia sa bhliain 1947.
Bhí an bhaintreach An Bhreithimh Iqbal, An Breitheamh Nasira Javed Iqbal, chun tosaigh sa léann freisin; bhí sí ina dlíodóir agus ina breitheamh (agus í ar Ard-Chúirt Lahore ó 1994 go 2002.)
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.