James Van Allen
réaltfhisiceoir Meiriceánach (1914-2006) / From Wikipedia, the free encyclopedia
Fisicí is réalteolaí a saolaíodh i Mount Pleasant, Iowa ab ea James Alfred Van Allen (7 Meán Fómhair 1914 – 9 Lúnasa 2006). Pleanálaí tábhachtach do Bhliain Idirnáisiúnta na Geoifisice (1957–1958), agus d'eagraigh staidéar chuici sin ar shonraí ó shatailítí Explorer I is Pioneer III ar an maighnéadaisféar os cionn an atmaisféir. Fuair sé amach go raibh dhá chrios radaíochta i gceist, agus tugtar creasa Van Allen orthu anois. Ina phríomhthaighdeoir ar 23 taiscéalaí spáis ina dhiaidh sin.[1]
Fíricí Gasta Beathaisnéis, Breith ...
Dún