Ghlac James Lovelock (ar chlé), an t-eolaí Briotanach a gcuirtear síos go minic air mar ‘fáidh an athraithe aeráide’, páirt i gcomhrá poiblí leis an Ollamh Frank Convery, Stiúrthóir an Earth Institute UCD, os coinne lucht éisteachta de níos mó ná 600 duine ag Halla O’Reilly UCD i mí Aibreáin 2009[2]
Chuir Lovelock síos ar GAIA ina leabhar GAIA: A New Look at Life on Earth (GAIA: Léargas Nua ar an mBeatha ar Domhan, 1979). Bhunaigh Lovelock an coincheap ar gheolaíocht, geoicheimic, bitheolaíocht éabhlóideach, is aeráideolaíocht, agus phléigh sé na bealaí rialaithe siarchothaithe ina n-idiroibríonn na páirteanna éagsúla den Domhan óna chroíleacán amach go barr an atmaisféir.