polaiteoir coimeádach Sasanach (1968–2021) From Wikipedia, the free encyclopedia
Polaiteoir de chuid an Pháirtí Choimeádaigh sa Ríocht Aontaithe ba ea James Brokenshire (8 Eanáir 1968 – 7 Deireadh Fómhair 2021), MP do Old Bexley agus Sidcup, agus Stát Rúnaí an Tuaiscirt idir 2016-2018 i rialtas Theresa May,
Bhí dlúthbhaint ag Brokenshire agus Príomh-Aire na Breataine Theresa May le chéile. Bhí Brokenshire ina aire don imirce san Oifig Gnóthaí Baile le linn do May a bheith i bhfeighil ar an oifig sin.[1]
Ceapadh James Brokenshire mar Stát Rúnaí don Tuaisceart in Iúil 2016. D'éirigh sé as in Eanáir 2018 ar chúinsí sláinte.
Chaith sé tamall mar Rúnaí Tithíochta idir 2018 agus 2019. Sa bhliain 2017, thug Brokenshire foláireamh go gcaithfear riail dhíreach ó Westminster a chur i bhfeidhm nó toghchán eile a ghairm mura n-éireoidh le páirtithe Stormont rialtas nua a bhunú faoi thús Bhealtaine 2017.[2] Sheachain an Stát Rúnaí Brokenshire riail dhíreach as Westminster ach fágadh folús dá réir, státseirbhísigh i bhfeighil riaradh Thuaisceart Éireann.[3]
D'éirgh James Brokenshire as a chuid cúramaí mar Rúnaí Baile i Rialtas na Breataine i mí Iúil nuair a tháinig a thinneas marfach chun cinn.[4] I ráiteas ón Tánaiste ag an am, Simon Coveneydúirt sé gur le díomá a chuala sé faoi éirí as Brokenshire, ag rá gur oibrigh sé go dícheallach mar Stát Rúnaí ar mhaithe leis an bpolaitíocht agus Comhaontú Aoine an Chéasta ó thuaidh.[5]
53 bliain d'aois a bhí Brokenshire nuair a d'éag sé ar 7 Deireadh Fómhair 2021, agus é ag fulaingt le hailse scamhóige le tamall.[6]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.