![cover image](https://wikiwandv2-19431.kxcdn.com/_next/image?url=https://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/7/72/Isobutane_1.svg/langga-640px-Isobutane_1.svg.png&w=640&q=50)
Isiméir struchtúrach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Sa cheimic, is móilíní iad na hisiméirí struchtúracha (nó na hisiméirí coimpléascacha, de réir ainmníochta an AIGCF)[1] , a bhfuil an fhoirmle mhóilíneach chéanna, ach foirmle structúrach dhifriúil [2][3].
![Thumb image](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/a/a2/Irish_Gaelic_language_version_of_the_File_Isomerismsvg.png/640px-Irish_Gaelic_language_version_of_the_File_Isomerismsvg.png)
Mar shampla, is féidir leis an hidreacarbón CH3CH2CH2CH3 a bheith ann mar bhútán nó 2-meitiolprópán.
![]() |
![]() |
Bútán | 2-meitiolprópán |
Baineann an coincheap freisin le hiain pholadmhacha a bhfuil an lucht iomlán céanna orthu. Sampla clasaiceach is ea an t-ian cianáit O=C=N− agus an t-ian fulmanáit C−≡N+O−. Leathnaítear an coincheap freisin go dtí na comhdhúile ianacha, ionas go mbeidh (mar shampla) cianáit amóiniam [NH4]+ [O=C=N]− agus úiré (H2N−)2C=O ina n-isiméirí struchtúracha [4], agus mar sin tá formáid mheitiolamóiniam [ H3C - NH3]+ agus aicéatáit amóiniam [NH4]+[ H3C-CO2]- .