From Wikipedia, the free encyclopedia
Is ionann iriseoireacht agus ceird ina ndéantar tuairisciú, scríbhneoireacht, eagarthóireacht nó grianghrafadóireacht ar nuacht, ar mhaithe le craobhscaoileadh. Is gnách go ndéantar í mar ghnó tráchtála.[1] Tugtar iriseoir ar dhuine a bhíonn ag plé leis an gceird seo.[2]
Ar an 2 Samhain gach bliain, ceiliúrtar an Lá Idirnáisiúnta um Dheireadh leis an tSaoirse ó Phionós i gcás Coireanna in aghaidh Iriseoirí.
Níl an iriseoireacht furasta mar obair. Mar shampla, b’fhearr lena lán léitheoirí go minic altanna a léiríonn cinnteacht agus atá ag teacht lena réamhchlaonta fhéin faoi ábhar, seachas alt a léiríonn go bhfuil castacht agus éiginnteacht ag baint leis an scéal. Ach is annamh a ndéantar scagadh tomhaiste ar an bhfianaise a thacaíonn le téis áirithe agus ar an bhfianaise a bhréagnaíonn é. Tosaíonn iriseoirí uaireanta le freagra na ceiste agus ansin téann siad ag lorg na fianaise chun é a chruthú (nó níos measa, ag lorg fianaise chun téis nó réamhchlaonadh áirithe a chruthú).[3]
Is obair chontúirteach í amanna.[4] Mar shampla sna 1990idí, bhí Veronica Guerin ag obair mar iriseoir imscrúdaitheach dúnmharaíodh Veronica Guerin i mBÁC ach rinne mangairí drugaí slad uirthi sa bhliain 1996.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.