Inspeirm
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is inspeirm ann ná an fíochán a tháirgtear taobh istigh den chuid is mó de shíolta na bplandaí bláthanna, tar éis toirchithe. Timpeallaíonn sí an suth agus soláthraíonn sí cothaithe i bhfoirm stáirse, cé gur féidir go mbeadh olaí agus próitéin ann freisin. Is féidir inspeirm a bheith ina foinse cothaithe in aiste bia an duine. Mar shampla, meiltear inspeirm na cruithneachta ina plúr chun aráin (tá an chuid eile den ghráin san áireamh chomh maith i bplúr lánchruithneachta), agus ag an am céanna, tá inspeirm na heorna ina foinse is mó i gcomhair siúcraí le haghaidh beorach a tháirgeadh. Samplaí eile de inspeirm a fhoirmíonn an chuid is mó den chuid inite is ea "feoil" chnónna cócó agus "uisce" chnóanna cócó ,[1] agus arbhar. Tá easpa inspeirme i gcuid síolta roinnt plandaí, mar shampla magairlíní,