Bhí Impireacht na Gearmáine (Gearmáinis: Deutsches Kaiserreich), i réim ó aontú na Gearmáine i 1871 agus tháinig deireadh leis nuair a d'éirigh Kaiser Wilhelm II as i mí na Samhna 1918. Tháinig Poblacht Cónaidhme na Gearmáine ina náit.
Bhí Impireacht na Gearmáine comhdhéanta de 27 gcríocha comhábhair, an chuid is mó acu faoi riail teaghlaigh ríoga. Cé go raibh breis is 50% de daonáireamh na tíre suite i Ríocht na Prúise agus an chuid is mó de thalamh na hImpireachta chomh maith, is beag cumhacht a bhí an an Phrúise taobh istigh den Impireacht. Mar a dúirt Dwyer (2005), "bhí tionchar polaitiúil agus cultúrtha na Prúise laghdaithe go mór" tríd na 1890dí. Bhí trí mhórchomharsana Impireacht na Gearmáine in iomaíocht leis: Impireacht na Rúise ar an taobh thoir, an Fhrainc ar an taobh thiar, agus an Ostair-Ungáir ó dheas.